An Idirbhliain
Is bliain í an Idirbhliain atá dírithe ar dhaltaí atá tar éis an Teastas Sóisearach a chur díobh.Tugann an Idirbhliain deis do na daltaí sin fás,forbairt agus foghlaim saor ó shrianta scrúduithe poiblí sula dtugann siad faoi chúrsa na hArdteiste. Ina theannta sin, cuirtear réimse leathan ábhar ar fáil dóibh a thugann dúshlán intleachtúil do na daltaí agus a dhéanann a gcumais fhoghlama a shaibhriú.
Aidhmeanna
• Cumais agus inniúlacht na ndaltaí a fhorbairt go hintleachtach, go mothálach, go spioradálta, go sóisialta agus go gairmiúil trí chleachtaí struchtúrtha foghlama.
• Daoine óga a ullmhú don ról mar chomhaltaí neamhspleácha,rannpháirteacha agus freagracha sa tsochaí.
• Scileanna na ndaltaí a fhorbairt chun a gcuid buanna, ábaltachtaí agus cumais féin a aimsiú
• Freastal ar riachtanais agus inniúlacht taobh istigh de réimse oideachais atá leathan, acadúil, gníomhach agus praiticiúil.
• An deis a thabhairt don dalta trasnú a dhéanamh ó struchtúr docht an Teastais Shóisearaigh go dtí struchtúr neamhspleách na hArdteiste le dearcadh níos
aibí.
Transition Year
This is a year directed at students who have completed the Junior Certificate. It gives students an opportunity to grow,develop and learn free from the pressures of State Examinations before they begin their Leaving Certificate Cycle. A wide range of subjects is offered that present a stimulating intellectual challenge and enrich their learning experience.
Aims
• To develop the students intellectually, emotionally,spiritually and socially.
• Through a structured learning environment.
• To prepare young people for their role as responsible independent citizens in society.
• To improve and develop the students’talents, skills and abilities.
• To provide an educational environment that is broad, academic, active and practical.
• To give the opportunity to students to make a smooth transition from the Junior Cycle to the Senior Cycle with greater ease.